Scoil: Baile Conghaile
- Suíomh:
- Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. A. Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Conghaile
- XML Leathanach 096
- XML “<span class="exact">Gráinne</span> <span class="exact">Ní</span> <span class="exact">Mháille</span> (<span class="exact">Gráinne</span> Mhaoil)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Phós Gráinne Flaithbhearthach agus rugadh mac dóibh lá dá raibh ar thuras farraige. Ar an ábhar sin tugadh 'Long Ó Flaithbhearthaigh' air. Duine ruadh ab'eadh an mac seo. Fuair a céile bás agus tamall ina dhiaidh sin chas sí ar uasal as an tSasain agus phós sí é seo. 'Corragán' ab ainm dó. D'réir cosamhlachta ní ró-mhaith a réitigh 'Long' agus an Corragánach agus bhí an mac i gcomhnaidhe ag fanacht le seans a fhagháil le deire a chur leis. Lá amháin chuaigh an bheirt aca amach ag siubhal agus tharla go dtáinig siad go bruach nó ciumhais Fuatha.Do sheas siad araon ag féachaint síos ann- an Corragánach 'na sheasamh roimh Long agus céard a rinne Long ach sathadh maith a thabhairt do mo dhuine agus isteach leis thar a cheann san bhfuath. Ar ndóigh marbhuigheadh láithreach é agus ó shoin tugtar 'Fuath Chorragáin' ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- T. A. Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Neill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Aill Bhreac, Co. na Gaillimhe