Scoil: Baile Conghaile
- Suíomh:
- Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. A. Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí Droch-aimsire:-1. Má bhíonn an ghealach ar a druim.
2. Má bhíonn ciorcal mór-thimpeall na gealaighe = báisteach
3. Tuar- ceatha ar maidin
4. Má bhíonn sop (féir) ag muc 'na béal ag dul go dtí an cró.
5. Na muca mí-shuaimhneach = báisteach.
6. Na madraí a bheith ag ithe féir = báisteach.
7. Na cearca ag piocadh a gcleití.
8. An cat agus a thóin le teine-
9. Na héanlaith mara ag teacht ar dtalamh.
10. Má fheiceann iascaire an roc go hard san ángaigh comhartha séideáin mhóir é sin.
11. Na luaithridh fén teinidh a bheith gorm = garbh.Treo na Gaoithe
a) Má eitleann an caileach dhubh i dtreo áirithe nó má leathann sí amach na sgiatháin agus í ar charraig ag feachaint i dtreo ar bith séidfidh an ghaoth ón treo sin gan móran moille.Nuair a léimeann an breac geal i dtreo áirithe séidfidh an ghaoth ón áird sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- T. A. Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)