Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar) (uimhir rolla 15872)
- Suíomh:
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Tr. Ní Orcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Átha Buí (Clochar)
- XML Leathanach 140
- XML “Béaloideas”
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)darab ainm Micheál Ó Con Chaoinigh ag tabhairt aire do roilig Áird Dhéara agus ghá choiméad glan agus comh réid. Tá roilig Áird Dhéara ar fánaidh.
Tá fánaidh ag rith thiar-theas. Tá fochracha i roilig Iorrus Fhlainín. Cuirtí daoine ann san am fadó acht ní cuirtear ann anois. - Tá cuigeóg againn sa mbaile. Ní cuigeóg mór í mar níl ann ach thoigh ar leithead agus trí troighthe ar fhaid. Is féidir ceithre galúin bainne a chur ann. Bíonn sé púint ime ar líon na cuigeóige. Ceannuigh m'athair ó Mhícheál Mac an Bháirt é. Thóg sé púnt agus sé scilling uirrí. 'Siad an Iomithe, an láimhín agus an chlár gléasanna na meidre. 'Sí mo mháthair an dhéananns an cuigeann. Nuair a bhíos an chuigeann déanta baintear amach an loimithe agus tógtar amach an t-im le sórt cupán déanta as adhmad. Annsin cuirtear i mbóla é agus níghtear é. Nuair a mbíonn sé nighte cuirtear salann air.
Má thagann stróinséir isteach le linn na cuiginne buaileann sé greas uirrí ionnus nach dtógadh sé an t-im leis. Deirtear nach ceart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhadaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha na Bá, Co. na Gaillimhe