Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ná creid Fionn is ná creid Fiach
Is ná creid briatharthara mná
Mar moch mall éireochas an ghrian
Is mar thoil le Dia beidís an lá.An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líontaibh.
An ghaoth aneas bíonn sí tais is cuireann sí fás na síolta
An ghaoth adthuaidh bíonn sí cruadh is cuireann sí fuacht ar dhaoine.
An ghaoth anoir bíonn sí tirm is cuireann sí olann ar chaoirigh.
Nuair a bhíonn cúl an chait leis an teine bíonn aimsear bhreágh air.Nuair a bhíonns an ghrian buidhe ag dul faoi bíonn droch aimsear air.Nuair a bhíonn an ghrian buidhe ag éirighe bíonn aimsear bhreágh air.Nuair fheiceas tú an faoileán ar an talamh bíodh ádhbhar teineadh i ngar don tairseach.Má bhíonn an faoileán ar an tráigh bí cinnte go aimsear bhreágh.(leanann ar an chéad leathanach eile)