Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 043](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0009%2FCBES_0009_043.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 043
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 043
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá císte óir i Roisín na Mana agus tá triúr fáthach ag tabhairt aire dhó istigh i sean-bhalla, agus tá císte óir eile i bfolach ar oileán amuigh i loch eicínt Tháinig triúr fear oidhche le h-aghaidh an chíste óir a thabhairt leo, nuair a chonnaiceadar solus san áit a raibh an císte, agus tháinig faithchíos ortha. Ba ghearr go ndeachaidh duine aca go dtí an áit go bhfeicfeadh sé céard a bhí ann, agus céard d'feicfheadh siad chuca, acht fáthach mór agus tuagh agus sleagh aige.
D'imthigh leo annsin chomh tréan is d'fhéadadar ar chos a tharraingt agus tháinig an fáthach mór suas leo agus d'fhiafruigh an fáthach mór díobh ce'n fáth a ndeachaidh siad go dtí an áit, agus dubhairt duine aca gur mar gheall ar go bfhacadar solus ann agus dúbhairt siad leis an bhfathach go ngabhaidís go dtí an áit go bhfeicidís céard a bhí ar bun ann, agus annsin leig an fáthach abhaile iad go sásta Tar éis seo ní dheacadar ag cuatugha aon rud mar sin, aon oidhche arís bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe