Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Bean na dTriúr Iníon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an chailleach ar shlaitín draoidheachta agus d'iompuigh sí isteach in-a cloich glais í.
    An tám chéadhna, d'fhiafhruig an dara h-inghean an ngabhfadh sí ar lorg oibre. Rinne an mháthair cáca annsin agus d'fhiafhruigh an mháthair di cé aca a b'fhearr léithe, leath an cáca agus a beannacht, nó an cáca uilig agus a mallacht.
    Tabhair dhom an cáca uilig agus ná bac le do beannacht.
    D'imthigh sí léithí annsin, agus níor stad an mháthair acht ag cur a mallacht.
    Thainig sí go dtí an bothán céadhna a ndeachaidh a deirbhshiúr eile ann, agus dubhairt an chailleach léithí a dhul amach go dtí an tobar agus lán an t-séaláin d'uisge a thabhairt istheach aice.
    Rinne sí an cleas céadhna is a rinne sí leis an inghin eile, d'iompuigh sí i n-a cloich glais í.
    Nuair nach raibh tásc ná tuairisg ar an dara h-inghin dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0431: The House in the Wood
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Rathallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    9
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Níc Bhreathnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56