Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 059
- XML “Ór agus Airgead”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean-aimsir bhí bean agus (fear ?) ina gcomhnuidhe i mbothán beag, agus ní raibh aon chomhluadhar aca.
Bhí an bhean an mí stuama agus ní raibh sí i ndon tada a dhéanamh. Bhí an fear ag brionglóid trí oidhche go raibh pota óir i bhfoghlach faoi bhun crainn.
Dubhairt an fear annsin leis an mbean "Tarraing an doras in do dhiaidh, go dtéighidh muid ar lorg an óir."
D'imthigh leo annsin agus séard a rinne an bhean an doras a tharraingt léithi ar a druim, mar níor thuig sí céard a dubhairt a fear léithi.
D'imthigh leo annsin go dtáinig siad go dtí an crann, agus cuala siad cainnt i ngar don chrann.
Chuaidh an bheirt suas san gcrann agus tháinig triúr gadaidhe chuig an gcrann. D'fhaduigh na gadaidhe teineadh agus is gearr gur thosuigh siad ag toruigheacht an óir.
Nuair a bhí siad ghá chomhaireadh sgaoil an bhean uatha an chomhladh agus as go bráth leis na gadaidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Éithne Ní Conghaola
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37