Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nach deas an féirín gabhtha gléasta
Í. Cúirt an t-Shrutháin Bhuidhe.
Ar thalamh mhín ar dheis na gréine
'S fosgadh ó 'chuile ghaoith.
Tá gáirdín pléisiúir le n-a taobh,
A dhéanfadh óg de'n aois,
'S gur fuar na dáinte
A bhí gan sláinte,
Foirtheacht ann le mí.(2)
An t-é a théigheanns an ród
'S a ghéillfeadh dó
'San ám a mbíonn sí gaoith,
Lá nó dhó níor mhór dhom dó
Go ndearcadh í go grinn.
Tá sé ráidhte
Ó bhéal an Phápa
Trialltar ann thar tuinn
'Sí an fhéis is áirde
De Éirinn bláthmhar
Cúirt an t-Shrutháin Bhuidhe.(3)
Ar feadh mo shaoghail ní chuirfhinn síos,
Dá mbeinn ghá sgríobh le peann,
Ar fheabhas na ngríomh
A rinne an saor
D'fhagaidh sinn gan cáin,
Siúnnta míne ar chaideanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Raghallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45