Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh an dara h-inghean léithe annsin agus rinne sí an cleas céadhna agus chuaidh sí isteach sa teachín beag céadhna agus dubhairt an sean-bhean léithe a dhul amach agus lán a t-séalain d'uisge a thabhairt isteach aice chuaidh sí amach, agus nuair a thóg sí an séalán as an tobar thuit an t-uisge as arís. Chuaidh sí isteach agus nuair ná raibh sí i n-dhon an séalán a líonadh bhuail sí slaitín droidheachta í agus d'iompuigh sí i n-a cloich ghlais í.
Annsin chuaidh an tríomhadh ingean ar lorg aimsire acht ár ndóigh ní raibh a fhios aice go raibh a cuid dearbhshiúracha
eile marbh. Rinne an mháthair cáca, agus dubhairt an inghean go bh'fhearr léithe leath an cháca agus a beannacht. D'imthigh sí léithe agus chuaidh sí isteach sa teach céadhna, agus dubhairt an t-sean-bhean léithe an rud céadhna a dhéanamh. Chonnaic sí spideóigín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Niadh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe