Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 070
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí sean-fhear ina chomhnuidhe san paróiste seo agus bhí Micil na Móna mar leas ainm air. Bhí capaillín bachach bán aige. Bhíod Micil ag tabhairt ciseán móna go Gaillimh gach lá. Tráthnóna dá raib sé san gcathair i mí Nodlag agus braon beag olta aige mar ba ghnáthac, do thuit an oidhche air agus núair a thainig sé amach as an teach ósta bhí an capall imtighte. Bhí Micheál i gcrúaidh chás agus cúaidh sé ar lorg an capaill. I gceann tamaill tá siubhalóchadh sé ach síos an bóthair go dtí an Corrib agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí an Corrib. Bhí an oidhche ana dorcha agus thug sé coisceím eile agus isteach leis san loch. Shíl sé go raibh sé ag dul isteach i teach ósta agus níór dúbhairt sé ach, "bail ó Dia orraibh annso nach fluich aá an t-urlár agaib."
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fiadaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Béal an Fheá, Co. na Gaillimhe