Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 094](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0082%2FCBES_0082_094.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 094
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Éamon a Luich agus an giarfhaidh Sidhe.Ar an "lios" i bparóiste na Mainistreach a bhí Éamon a Luich ina chómnuidhe. Agus ins an am sin bhíodh giarfhaidh a fheicéal ar an mbaile agus ní raibh cú ar bith in ann breith air. Ach lá amháin d'imthigh na coin in a dhiaidh agus bhí cú dhubh ann a bhí ag teacht súas leis. D'aimsigh an chú dhubh é ar deireadh agus bhain sí greim as a cheathrú. Thárla d'Éamon an Luich a bheith a gabháil an bhealaigh ar an bpoinnte sin agus é ag marcuigheacht ar chapall. Léim an giarfaidh ar an gcapall chuige ag íarraidh é fhéin a shábháil ar na cointí. Chúmhdaigh Éamon aí Luich é agus leig sé uaidh arís é núair a bhí na coin imthighthe.
Sgathamh ina dhiaidh sin goideadh capall ó Éamon. D'imthigh sé ar chúairidhe a chapaill go dtáinic sé go Cúige Uladh. Tháinig sé isteach i dteach annsin san oidhche ar íarraidh lóistín. Ní raibh sa teach ach sean bhean agus chuir sí fáilte roimhe ina ainm agus ina sloinneadh. Dúbhairt sí leis gurab í fhéin an giarfhaidh a shábháil sé ó na coin agus theasbáin sí dhó an mharc a d'fhág an chú dhubh uirtí, núair a bhain sí an greim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fiadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Fiodh Thiar, Co. na Gaillimhe