Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal - Mom Mór Caillte.Bhí fear in a chómhnuidhe sa gceanntar seo úair-amháin darbh ainm Séan Ó Conchubhair. Lá amháin bhí sé ag teacht abhaile ó'n dtráigh lé úalach learrach, agus chonnaic sé seacht gcat ina suidhe ar chlaidhe, agus |chonnaic| ceann acú ag cainnt. Seo é an rud a dúbhairt sé "A Sheáin Uí Conchubhair núair ghabhfas tú abhaile abair lé Mall Ruadh go bhfuil Mom Mhór caillte."
Núair tháinig an fear abhaile thóg sé amach an capall agus chuir sé isteach sa stábla é. Chúaidh sé isteach annsin, chun a chuid taé a n-ól, agus thosuigh sé ag inseacht an sgéil dá bhean. Bhí sean-chat sa thighe aige agus níor eirigh sé as an lúaithre lé dhá bhlían, acht núair chúala sé go raibh Mom Mhór caillte, dhéan sé é féin trí h-úaire níos mó ná mar bhí sé, agus thug sé trí léam thar an leath dhorais, agus chúaidh sé amach. Níor chúala aon duine rud ar bith fé, agus ní fhaca aon duine é as sin amach.- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Seachnasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Maighin, Co. na Gaillimhe