Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 302
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deir sé go raibh sé i bpálas an ríogh an lá sin agus go raibh inghean an ríogh ag ithe a dinnéir agus nár thug sí aon rud dó agus gur bhuail sé a ruball ar a pláta agus gur leag sé trí ribíní ar a pláta agus gur ith sí iad.
Deir an cat freisin "Ní leigheasóchaidh aon nidh í acht trí deora uisge de'n tobar sin thall."
Bhí an fear ag éisteacht leo. Chuaidh na cait abhaile agus tháinig sé amach as na crainn. Chuala sé fear ag siubhal thart agus d'fhiafruigh sé de an raibh aon tobar annsin. Deir sé go raibh agus theasbáin sé dó é. Chuaidh sé go dtí an tobar agus chuir sé trí deora de'n uisge ar na h-áiteanna in a raibh a shúile agus bhí a shúile aige aríst.
Chuaidh sé annsin go dtí palás an ríogh agus thug sé buidéal de'n uisge leis. Chuir sé cuma dochtúra air fhéin agus leigheas sé inghean an ríogh Phós sé ingean an rí annsin agus bhí mac aige.
Aon lá eile a chuaidh sé ar a charráiste casadh an dearbhrathar eile leo. Deir sé le n-a lucht leanamhna an dá shúil a bhaint as agus chuir sé san áit céadhna é in ar cuireadh é fhéin.
An oidhche sin aríst tháinig na cait ag innsint scéalta agus deir ceann acu go raibh duine eicínt ag eisteacht leo agus fuair siad an dearbhrathar agus mharbuigh siad é.- Bailitheoir
- Máire Ní Fhaoithe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Faoithe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe