Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 309
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal.Bhí fear darbh ainm Charlie Blackhall ag teacht anuas ó Bhaile Átha Riogh oidhche amháin agus é ar meisge. Tháinig cárr cliatháin suas leis agus bhí beirt fhear ann agus d'iarr siad air dul ar marcuigheacht.
Chuaidh sé suas ar marcuigheacht air. Bhí an cárr cliatháin ag imtheacht leis go dtáinig sé go dtí an muileann gaoithe atá i gCeathramhadh an Riabach. Bhí na sluaighte sidheóga bailighthe ann agus margadh ar siubhal acu ann. Bhí gach saghas earraidhe dá ndíol agus gá gceannacht acu. Bhí an margadh ar siubhal go breacadh an lae.
Annsin d'imthigh siad agus thug siad Charlie leo síos go Cnoc Meadha (in aice Tuaim) áit comhnuidhthe na sidheóg. In aice leis an muileann gaoithe tá cloch mhór. Tá sí in a dhá leith agus tá suas le fiche tonna meadhchaint ann. Deirtear go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Floinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach Thoir, Co. na Gaillimhe