Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 314
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa gcoill leis é.
An chéad lá eile bhí an fear céadhna ag teacht le dhá chaora. Isteach sa gcoill le Seán agus thosuigh ag méidhligh ar nós caorach. Cheap an fear ghurbh é an chaora abhí caillte aige abhí ann. Chuaidh sé isteach sa gcoill agus thosuigh sé ag cuardach na caorach.
Nuair a fuair Seán sa gcoill é amach leis agus ghoid sé an dá chaora eile. Chuaidh an bheirt robálaidhthe go dtí an Baile Mór annsin leis na caoirigh a dhíol.
Bhí carn óir ag an Righ. D'iarr Séamus ar Sheán an mbeadh sé i ndon dul isteach chuige. Chuaidh Seán chuig an gárda agus dubhairt sé leis "Teastuigheann eochair an óir ón Righ." Thug an gárda dó é. D'fhoscail Seán an doras agus isteach leis I gceann tamaill tháinig an gárda. Rug sé ar Sheán isteach san gcarn óir agus d'innis sé do'n righ é. Gheall an Rí leis é leigint saor da mb'féidir leis an plaincéad abhí ós cionn a mná agus é féin sa leabaidh a ghoideadh.
Bhí fear caillte san áit. Chuaidh Seán agus fuair sé an corp agus chuir sé in a sheasamh taobh le fuinneóig an ríogh é. Cheap seisean gurbh é Seán abhí ann. Fuair sé gunna agus láimhsigh sé an corp.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Choscraigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Coscraigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe