Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 317
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)As go bráth leo annsin agus chuir sean-bhean a ceann amach tré fhuinneóig agus dubhairt sí gur ith ceann acu croidhe éin. Ghlaoidh sí isteach iad agus thug sí purgóid dó a chuir iachall air aiseagadh. Tháinig an croidhe aníos ó n-a ghoile agus d'ith an tsean-bhean é.
Annsin chuaidh siad go dtí an Fhrainnc agus annsin pósadh ceann acu le h-inghean an ríogh. Chuaidh an ceann eile amach chuig an ubhal-gort. D'ith sé dhá ubhal agus d'fhás dhá adhairc air. Chuaidh sé go crann piorra annsin agus d'ith sé ceann agus d'imthigh na h-adharca.
Fuair sé dhá ubhal dearga agus dhá phiorra agus bhuail sé leis go tigh an bhandraoi. D'aithnigh sé go maith í agus chonnaic sé a ceann amach an fhuinneóg. Thug sé ceann de na h-ubhlaibh di. D'ith sí é agus d'fhás adharc uirthe. D'ith sí ceann eile agus d'fhás adharc eile. D'fhás siad agus d'fhás siad go dtí narbh fhéidir leithe a ceann a tharraingt isteach an fhuinneóg
An lá in a dhiaidh sin chuir sé cuma doctúra air fhéin agus tháinig chuice. Thug sé piorra amháin di agus thuit adharc amháin di. Thug an ceann eile di agus chaill sí an dára adharc chomh maith. Annsin thug sé purgóid di agus d'aiseag sí an croidhe. D'ith seisean é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Choscraigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Coscraigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe