Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 329
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ScéalBhí fear ann fadó agus Dáú an t-ainm abhí air agus bhí sé in a chomhnuidhe in Ironpool. Ghoid na shideóga a bhean uaidh agus cuireadh i gCnoc Meadha (in aice Tuaim) í.
Fuair sé píce agus sluasad agus chuaidh leis an gcnoc a thochailt. Tháinig ceann de na sidheógaibh amach agus dubhairt sé leis go mbeadh a bhean sa mbaile roimhe
Bhí sé ag obair sa ngáirdín lá nuair a chuaidh siad thart ar mhuin capall. Dubhairt ceann de na sidheoga le ceann eile "Sin Dáú". Dubhairt an ceann eile "Sin é acht ní labhróchaidh a bhean leis go deo mar chuir mise adhmaid tré cúl a cinn.
Chuala Dáú ag cainnt iad. Isteach leis agus chuardaigh sé cúl cinn a mná. Fuair sé an t-adhmad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Ghaoithín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Gaoithín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Láithreach Mór, Co. na Gaillimhe