Scoil: Kilmore (uimhir rolla 13010)
- Suíomh:
- An Choill Mhór, Co. Liatroma
- Múinteoir: Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an 18adh lá d'Aibreán 1831 tharla timpiste mór i Loch Ailinne. Ar bhreachadh an lae, d'fág bád breágh an caladh, a bhí síos ag Ros, san áit a ritheas an t-Sionnan isteach san loch.
Bhí ceathrar fear, deichneabhar ban agus iad ag dul go Druimseanbhó ar an taoibh theas de'n loch. Bhí an turas deich míle nó mar sin. Bhí cuid de na daoinibh ag ceannacht rudaí agus an cuid eile ag díol ime agus uibheacha agus earraidh le ceannacht acha freisin. Bhíodar go gnáthac ar fead an lae. D'fágadar an baile mór ar a trí a clog um thráthnóna. Bhí go leor beartanna ag gach duine agus malaí plúir agus malaí mín, bróga agus leathair agus go leor rudaí eile. Tharla go raibh an t-uallach ro-throm. Ní raibh beirt fhear réid nuair a bhí an bád ag imteacht abhaile agus d'fhánadar i nDruimseanbhó.Chuaidh an bád ar snámh agus bhí gach rud a'dul ar aghaidh ach amhain go raibh ualach ró-throm san mbád. Nuair a bhíodar i lár an locha, cúigh míle ó Dhruimseanbhó d'éirigh an ghaoth, thainich scanradh ar na mnáibh agus níor fhanadar in a suidhe san mbád ach d'éirigheadar de gheitheadh agus d'iompuigheadar an bád agus amach le gach duine san uisge. Ní raibh snámh acha agus chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tessie Mc Loughlin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. Liatroma
- Faisnéiseoir
- Maggie Mc Loughlin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. Liatroma