Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh cuinnéog aca fadó agus do bhíodh rudí eile ar a tugtar 'pallaí' nu 'Nogans'. Do bhíodh go léoir pisréoga gá n-imirt aca i dtaobh na cuinneóige. Na cuinneóige a bhíodh aca fadó do bhíodh siad tuairm slát ar fháid ó'n a bhárr go deire agus tuairm slát ar leithid. Tá cuinnéog ag mo comharsan agus tá an deanamh ceadhna air. Tá sé tuairm dachad nú os cionn sin bliadhna acht níl aon maith an anois agus tá sé beag nach imthighthe ó'n a chéile anois. Do bhíodh márcanna acha fadó ar na gcuinneóigibh freisin. Do bhíodh piosa beag gearrtha de bharr na cuinneóige agus cuir siad áit speisálta do'n clár ar agaidh an marc seo agus an duine a bhíodh ghá deanadh bheadh ar seasadh ar agaidh an márc sin nú ní thágadh aon im as an uachtar go deo. Do bhíodh go leóir pisreóga aca fadó i dtaobh strainséara. Deireadh siad dá dtagadh strainséar go dtí an teach agus iad ag deanamh maistreadh agus a dul amach arís gan píosa do'n maistreadh a deanadh go ngoideadh sé an t-im amac leis agus dubhairt siad freisin dá imthigheócadh duine do muinntír an tíghe amach agus rud ar bith a thábhairt leis ón teach nach dtágadh aon im go deo as an mbainne. Cun sin a stopadh do cuir siad dhá píosa iarainn déanta ar nos spúinóige ar bharr an cúinneóig ar nos crois. Do chuireadh siad smachaid dóighte faoí an gcuinneóig freisin cun na h-ime a choiméad san cuinneóig mar bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Choidhin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Choidin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Míleac, Co. na Gaillimhe