School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Location:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraic Ó Séadhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí fear as Coillte Fada in a codhladh agus tháinig neach go dtí an bhfuinneóg agus dubhbhairt sé a leis a dul go páirc a teampall go raibh póta óir curtha ann. Dubhairt sé leis fáinne a gearradh taobh theas den cloic atá lorg glún. Naomh Pádraig agus a bhean a tabhairt leis agus coinneal beannuighthe a bheadh lasta in a láimh aici san uair an t-aifreann Dea Dómhnaig. Chuaidh sé ann Dia Domhnaig agus thug sé a bhean leis. Fuair sé laighe agus gearr sé an fáinne. Chuaidh siad isteach sa bhfáinne agus bhí an coinneal beannuighthe lasta í láimh an mna. Thosaigh an fear agg romhar agus tar-éis tamaill táinig tarbh anuas ó chúl an reilg agus bhí sé ag géimnigh go feadháin. Rith an bhean amach as an bhfainne agus dhearc an fearr tarth timceall agus ní raibh an tarbh le feiceál agus agus bhí an poll dúnta agus rith an fear freisin. Bhí sé sa tarraigín go geobhad trí dearbhratair an t-ór nuair a bheadh siad ag déanamh claidhe ann agus ní bhfuair aon duine é go fóill.(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Treasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Labhrás Ó Ciaráin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe