Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)
- Suíomh:
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bán Mór
- XML Leathanach 048
- XML “Cloch Bhán”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an t-airgead a bhaint dó. Eón an t-ainm a bhí ar an fear sin. Sé an cheapa a dtáinaig isteach in-a cheann dul isteach san cloch agus bhéadh sé samhailte. Chuaidh sé isteach san agus bhí sé samhailte. Sin é an fáth go bfuil an t-ainm sin ar Pairc Ceapa Eón. Pádhraig Ó h-Éanacháin, Peach
(gan teideal)
“Tá páirc ar feirm mo athair sa mbaile. "Páirc an Salach" atá mar ainm air.”
Fúaireas an cuntas seo ó mo athar Séamus.
Tá pairc ar feirm mo athair sa mbaile. "Pairc an Salach" atá mar ainm air. 'Sé an fáth go raibh an t-ainm sin mar fadó ní fasfadh barraí ann leis an méid salachar a bhí ann."Páirc an t-Séipéil ceann eile de na pairceanna. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar fadó bí séipéal ins an ngort sin. Tá ballaí an t-séipéil le féacail ann fós.Tá pairc eile, 'sé an t-ainm air "Gort na Raithneach". 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air, mar gheall ar an méid raithneach a bhí ag fas ann, sul a chuir m'athair aon bárraí ann.Gort eile 'sé an t-ainm atá air "Gort Gamhain". 'Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin air mar fadó aon fear a geobhfadh gamhain ag dul amudha, chuireadh sé isteach ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Gabhann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tómas Ó Gabhann
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe