Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)
- Suíomh:
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bán Mór
- XML Leathanach 085
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mí Bealtaine na Dia Máirt.
6 Is ceart do cuid gruaige a gearadh Aoine an Chéasta.
6 Deirtear nach bhfuil sé ceart airgead mór a thabhairt do aon duine ar an cead lá de'n bliadhain.
7 Dá gcuireadh duine paiste i gúana nó ar rud ar bith Dia Dómhnaigh deirtear go gcaitheadh sé é a bhaint amach as an lá deireadh do'n domhain.
8. Ní ceart airgeadh a chuir amach cuig an t-siopa Dia Máirt, agus ní ceart é a thabhairt do duine eile.
9 Ní ceart daoine a phósadh Dia Ceadhaoin, agus má phósadh siad deireann na daoine go mbeadh an mí-ádh ortha.
10 Deirtear nach bhfuil sé ceart aon rud a caitheadh amach, an céad luain do'n mbliadhain.
11. Deireann na daoine go mbíonn an céad an dara agus an triomhadh lá de Aibhreán crósta mar sin " laethea na bó Riabhacha"
12 Deireann na daoine go bhfuil timpistí ag baint le Dómhnach Cingcíse.- Bailitheoir
- Sórcha Ní Fheinneadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mullach Otraigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Feinneadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Mullach Otraigh, Co. na Gaillimhe