School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 216
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill óg in a comhnuidhe í Blascóid agus bhí a athair agus máthair caillte. Bhí sé in a chomhnighe annsin in éinfheacht le a uncail agus a aintín. Nuair a chuaidh sé ar sgoil an céad lá le Peg De Róiste. Nuair a chonnaic an máighistir é do glaoidh suas é acht ní rachaidh sé suas b'eigin do Peg dul suas leis. Annsin d'iarr an maighistir de cé'n t-ainm a bhí air agus d'innis sé é. Lá amháin buaileadh an dorais agus chuaidh ceann do's na buacaillí chuig an dorais, agus cé bhiodh ann acht a uncail, agus a aintín ag fanacht leis go dtabharfadh siad abhaile é go áit dhúthcais, Blascóid. Nuair a bhí sé ag teacht giorra dá áit dúthchais, bhí sé ag iarraidh na ainmneach de's na tighthe. Nuair a bhí sé sa mbaile do bailigheadh muinntir an baile isteach go léír. Bhíodar uile ag cuir fáilte roimhe. Is gearr go raibh minlódéin dá imirt agus bhí na daoine ag damhsadh. Bhí an teach lán le daoine agus bhí siad uile go léir ag féacaint air. Do cas a deirbhreathair cúpla amhrán. Bhí dámhasán agus aimhrameacht ar siubhal go dtí an meadhon oidhche. Annsin do scaipeadar uile abhaile.
- Collector
- Eibhlín Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Address
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tadhg Ó Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe