School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 302
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nuair a bhí sé ag dul thar an áit úd, chuaidh an marach-sídhe thar agus labhar an comharsan leis agus dubhairt sé "In anam Dé is béal na huaighe innis dom ce thú féin nó céard atá uait." Ar an bpoinnte léim sé anuas ó'n gcapall ag cainnt leis an comharsan. Is beag nár thuit sé í bhfanntais nuair a chonnaic sé cé a bhí lé'n a thaobh ac mar sin féin glach sé misneach mar bhí an marach-sídhe chómh lághach le aoinne a casadh air ariamh agus innis sé a sgéal ó thús deire dhó. Dubhairt sé "Bhí mise cionntach le duine do marbhú agus nior luigfeadh isteach go Neamh mé gan pionós a dhéanamh ar talamh ar dtús, agus nior raibh cead agam labhairt le duine beó go labhar duine éicint liom ar dtús, agus dubhairt sé leis gurabh é féin an céad duine a labhair leis ariamh agus go raibh cead aige anois dul go dtí an Flaithis. Chuaidh sé suas ar an gcapall aríst agus dimthigh sé as amharc an comharsan. Chuaidh an comharsan abhaile agus é sásta leis féin. Nuair a fuair sé an deis chuir sé Aifreann ar son a anam. As sin amach nior bhfaca an marach-sídhe í Baile Breatán.
- Collector
- Síghle Ní Coileáin
- Gender
- Female
- Address
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Pádhraig Ó Comán
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe