Scoil: Leacaigh (Leacach)
- Suíomh:
- Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh Ó hÁinlíghe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leacaigh (Leacach)
- XML Leathanach 320
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leighseanna doichigh fíacla:-
"Seo leighis na doichigh fíachla
Leighis gan íarra gan achanaí
Leighis a thug Pheadar do Dhiarmuid
Dreis a cur síar in do charbad"
Do bhéal a líonadh le uisge fúar agus suidheamh cois na teineadh go mbheadh sé fiochta in do bhéal.
Gráine salann a cur in dfiachail.
An t-sreoch:-
Leighes dhfágháil ó fhear chapaill bháin. /
Bhí an t-sreoch ag bean úair. Chonnaic sí fear ar an mbóthar agus capall bán aige. Amac leithe roimhe go bhfuigheadh sí leighis úaidh. "A fhir an chapaill bháin," ar sise. "Bhfuil fhios agat-sa aon rud a leighisfeadh an t-sreoc"? "Tá's a bhean cóir" adeir sé. Arán gléighéal, im-caoireach agus uibheacha cearc.
Britíneach:-
Píosa de chlúais gabhair a chur ar shreangain agus é do chur thart faoí do muinéal nó fúighlleach bainne a bheadh ag firéadh leóna:-
An áit a bheadh leónta a cur in aghaidh sruth fíor-uisge, nó é a tharrainght.
Gearr:-
É a nígh in uisge fiochta in a bheadh salann. Duilleóigín mharann Pádhraig a cur leis.
Nioscóid:- An seacthmhadh mac nach bhfeicfeadh a athair nó a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maireád Ní Sheacnasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair na Silíní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadair Ó Dúbhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60