Scoil: Clochar Mhuire, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Maelsheachlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí lámhnúin ann fadó, agus bhíodar an-bhocht agus ní raibh aca acht aon mhach amháin agus bhí sé ag cinneamhaint ortha iad féin a chothú.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh leis abhaile annsin agus bhí sé 'na oidhche sul mar shroich sé an baile. Níor mhaith leis a bheith ag siubhal san oidhche. Chonnaic sé teach ibhfadh uaidh, agus rinne sé air. Nuair a bhí sé ag teacht inghar de'n teach d'airigh sé daoine isthigh ann agus iad ag imirt cártaí agus chuimhnigh sé ar an gcomhairle mhaith agus ní dheacha sé isteach.
D'imthigh sé leis abhaile agus nuair a chonnaic an mháthair ag teacht é bhí an áthas uirthí. D'fhiafhruigh sé dhó an raibh aon airgid aige agus dubhairt seisean nach raibh acht go raibh cáca breagh aige. Roinn se an cáca agus nuair a bhí seisean céard a bheadh istigh i lár an cáca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Feínneadha
- Inscne
- Fireann