School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 016
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    talmhan. Chuir sé fios ar Fionn teacht go dtí a theach.
    Chuaidh Fionn ann agus thug sé cladhaire darbh ainm Conán Maol leis. Bhuail siad ar an doras agus d’osgail sé de phlimp. Chuaidh siad isteach. Ní túisce istigh iad na thuit siad ar an urlár le lagar. Bí siad leath uair ansin gan corruighe. Bhuail imnidhe na Fianna eile nuair nach raibh Fionn agus Conán ag teacht. Chuaidh siad ar a dtóir. Connaic siad an doras fosgailte, agus taobh istigh chonnaic siad Fionn, Conán agus Muircheartach. Bí claidheamh nocht in a láimh ag Muircheartach agus bí sé an tí buille a thabhairt do Fhionn nuair a chonnaic sé na Fianna taobh amuich. Nuair a chonnaic siadsan é rith siad isteach ach thuit an lagar ortha sin freisin.
    ‘Oir bhí an méid sin acu ann ní raibh Muircheartach é féín indon iad a mharbhúghadh. Chuaidh sé i gcoinne a chuid fear a bhí leath-mhíle ón áit. Le linn dó bheidh as lathair cé thiocfadh isteach ach a inghean agus sé an t-ainm a bhí uirthi na ‘Maor.’ Óir bhí an ball searc ar cheann de na fianna darbh ainm Diarmuid thuit sí i ngrádh leis ar an bpuinnte. Dubhairt sí dá bposfaidh sé í go dtabharfadh sí fúsgailt dóibh. Gheall Diarmuid go bpósfadh. Annsin chroch sí suas a lámh agus tháinig a neart ar ais do na Fianna. Ar an taobh amuigh den teach cé casfadh ortha ach Muircheartach agus a chuid fear. Is annsin a thosuigh an áir. Mharbhuigh na Fianna gach duine dá náimhde.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Maidín
    Gender
    Male
    Address
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Tadhg Ó Maidín
    Gender
    Male
    Address
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe