Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 085
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- C. Droichead ar loch gan maide gan cloich?
F. Leac oidhre
C. Cé mhéid cos ar ocht madadh?
F. Dá cos
C. Nuair a chuaidh mé go Londun connaic mé an t-iongnadh trí phota ag bruith gan teine ar bith futha?
F. Trí phota aoil.
C. Sgata beithidhigh bhána agus ceann mór dearg istigh? ina lár
F. Do chuid fíacla is do theanga.
C. Chuaidh mé ar an aonach agus cheannaigh mé caora. D'íoc mé an méid seo ar an gcaora naoi, naoí sgilleacha, agus naoí, naoí, bpighne agus cé mhéid sinneadh ar an gchaora?
F. Dhá shinneadh.
C. Cúairteas is ní bhfuaireas dá bfághainn é ní thiubhrainn liom é agus nuair nach bfuair mé é thug mé liom é?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe