School: Caladh na Muc
- Location:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 004
- XML “Caladh na Muc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bíonn siad ag déanamh spóirt - ag damhsa, ag canadh, ag seanchuis nó "pitch and toss".
Timcheall leith-mhíle ó'n gcrós-bhóthar ar an mbóthar go h-Uachtar Árd tá áit ar a dtugtar an Choill Mhór. An Choill Mhór:- Nuair a bhíos socraid ag dul ó Chaladh na Much go dtí an roilig i gCill Ainín leagtar síos an cónra ag an gCoill Mhór. Tógtar cárnán cloch ann annsin i gcuimhne an duine atá caillte. Cuireann an cárnán cloch sin i gcuimhne dos na daoine paidir a ráidh ar son anamacha na marbh nuair a gabhann an slighe sin. Deirid ag gabháil thart dóibh "Go ndéanaidh Dia trócaire ar anamacha na marbh."
Bhí coill mhór san áit seo fadó ach dóghadh go talamh é agus fiú an talamh féin doghadh é go dtí nach bhfuil fágtha anois san áit ach an charraig lom. Annseo agus annsúd tá préamh crainn le fághail idir na carraigreacha.- Collector
- Madelín Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Oileabhéar Ó Chárthaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe