Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad ainmneacha na n-ainmhidhthe atá ar fághail fiadháin annseo - (1) an broc, (2) an mada ruadh, (3) an girrfiadh (4) coinín (5) gráinneog agus an easóg.
    An Broc - fá chloich mhóir a bhíos cómhnuidhe ar an ainmhidhe seo. Bíonn a theach déanta as féar, caonach agus fionnadh. Nuair a bhíos clann óg aice bíonn sí ana faochmhar ar fad. Má fheiceann sí duine ag teacht ritheann sé fán a dhéin agus briseann sé cnámha a chos agus annsin briseann sí cnámh an sgórnaigh agus annsin imthigheann léithe. Itheann sé eascoin san Samhradh.
    An Mada Ruadh:- Níl dul ó chríonnacht an mhada ruadh, deirtear, mar innsigheann cuid de na sgéalta dúinn. Déanann sé cuid mhaith dioghbhála ámh, mar goideann sé géanna, lacain, cearca agus sicíní. Is fuath le mnaoí an tighe é agus dá bhfághadh sí seans mharbhóchadh sí é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge