Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na máthair breathnú síar sa seomra, bhreathnuigh, chonnaich an t-ór agus dúbhairt "cén fáth seo". "Ná bac liomsa" a-deir an mac "ach bíadh do chuid féin agatsa". Bhuail sé leis ar maidin lá ar na bháireach agus connaic an bosca céadhna chuige isteach arís.Tháinig an Scológ amach as an mbosca agus cuir ceist air a' n-imreóchadh sé cluiche. Dúbhairt seiseann go n-imreóchadh. Chuaid siad ag imirt agus bhuáidhach mac an Rí arís.Tabhair do ghéasa anois a deir an Scológ. Beirim faoi ghéasa duit chuile garraidhe atá timcheall an tighe a bheith líonta go boimbéal le beithidhigh bheaga agus beithidhigh mhóra.Nuáir a cuaid sé abhaile dúbhairt sé le na mháthair breathnú amach sna garrainaí, breathnuigh sí amach agus chonnaic na beithidhigh "cén fáth seo" ar sise. "Is cuma dhuit" ar seiseann "beidh do chuid féin agatsa".Cuaidh sé amach ar maidin lá ar na bháireach agus ba ghearr go bfaca ag teacht chuige isteach ar bharr bóchna an Scológ. Bhí cluiche aca agus fuair an Scológ an búaidh."Bheirim faoi gheasa dhuit" a deir an Scológ "gan codhladh an dara oídhche ag aonleabaidh agus gan an dara béile d'ithche ag aon bhord go mbuailfheadh tú mo theach-sa sa domhan thoir.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Réamonn Ó Mullaoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Niaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe