Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhac aige agus bhí a lán talmhan agus airgid aige. Cúpla lá shul a bfuair sé bás dubhairt sé go dtiúbhradh sé an ríoghacht d'en mhac ba shine. Phós an mac ba shine annsin, agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhí an triúr mac súas na bhfir óga fuair an t-athair bás. Bhí uncail an triúr mac ins an teach agus nuair a fuair a dhearbhráthair bás dhíol sé an talamh. D'imithigh an triúr mac ag saothrú annsin agus ba gheárr gur casadh áit dhóibh a raibh capall na luighe. Dúbhairt an mac ba shine go raibh an capall caoch. Dúbhairt an dara mac go raibh sé manntach, agus dubhairt an mac ab óige go raibh sé bacach.Bhí siad siúbhal annsin gur casadh fear dhóibh agus d'fiafruigh sé dhóibh an bfacha síad aon chapall agus dúbhairt síad nach bfacha. Dúbhairt an mac ba shine go raibh sé caoch. Dúbhairt an dara mac go raibh sé manntach, agus dúbhairt an mac ab óige go raibh sé bacach. Dúbhairt an fear go bfacha síad é agus dúbhairt siad nach bfacha. Dúbhairt fear an chapaill go gcuirfeadh sé dlighe ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20