Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inistrághamhóir
- XML Leathanach 092
- XML “Scéal faoi Shióg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dream daoine ag déanamh claidheacha ins an Doirín Glas, tá timhcheall le sé mí ó sóin. Claidheacha Teórainn bhíodar a déanamh agus sgáitheamh ó na claidheacha seo do bhí balla beag. Bhíodar ag tabhairt chlocha as an mballa agus nuair a bhí máighaistir an bhóthair agus triúr no cheathar de na fir ag tóghail an chéad chloch chonnaich síad an fhúil ag silt anuas d'en chloich, sa deire dimithigheadhar ón gcloich agus nuair a bhíodar imithighe níor fhann dada ar an gcloich. Shóchruigheadar ins an aith chéadhna arís an chloch. Deirtear gur sean-bhean de Mhuinntir Feinneadha a bhí in a cómhnaidhe ann. Tamall gearr na dhiaidh sin chonnaich fear d'én bhaile bean na súidhe ar chloich agus í ag caoine chómh h-árd is bhí in a ceann.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bháil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Bháil
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe