Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Scéal faoi Shióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí mac aici. Bhíodh sé ag cainnt i gcomhnuidhe agus bhíodh na daoine an lághach leis. Ba gheárr go dtáinig tinneas air. Bhí sé ag dul i ndonacht i n-agaidh an lae agus bhí a mháthair go brónach faoi.
    Tháinig na comharsanaigh go léir ag breathnú ar an n-gasúr lá agus bhíodh cuid aca ag rádh go mb'iad na sídheóga a bhí ag túbhairt a mic leó. Oidhche amhaín bhí an mháthair na suidhe ar chathaoir agus ba gheárr gur chuala sí éan ag ceól taobh amuigh den doras. Bhí gach saghas dath air. Lean sí é agus nuair a bhí sí sgathamh uaidh sheasfadh sé arís agus bhí sé mar sin ar feadh i bfad go dtáinig sé go dtí áit a raibh a lán clocha.
    Nuair a tháinig sé go dtí sin seas sé agus suas leis san spéir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chonghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Chonghaoile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24