Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inistrághamhóir
- XML Leathanach 150
- XML “An Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Righ in Éirinn fadó agus bhí triúr mach aige. Bhí an tríohmhadh mach an dícheillide. Ba geárr go dtáinich tinneas ar an ríog. Lá amháin dubhairt sé lé na chlann go raibh fhios aige aon rúd amháin a dhéanfadh a leigheas. Sé sin ubhla as Garrdha na h-Isbhéirne.Annsin cúaidh an triúr mach agus ghléasadhar a gchúid capall agus tiománadar leó go dtáinicehadar go dtí trí cros bhóthar. Stopadhar annsin agus shochruigheadhar na measg fhéin cén bóthar a rachadh gach duine acha. Rinne an mach dobh óige ar an mbhealach abhí róimhe amach. Rinne an dara mach an bóthar soir, agus an tríomhadh mach an bóthar síar. Dubharadar lé na chéile sul ár imtigheadhar go mbeadh síad ag an gcros bhóthar chéadhna róimhe lá agus bliadhain.Ba ghearr go dtháinich an mach do’b óige go dtí teach beag ar thaobh an bhóthair. Cúaid sé isteach agus bhí fáilte mhór róimhe. Díarr sé ar an bfear a bhí sa teach, an bhfuil fhios agad cá bhfuil Garrdha na h-Isbéirne. Dubhairt sé nach raibh fhios, ach tá driotháir agam, béidir go bhfuil fhios aige san. “Cá bhfúil sé”. Tá sé céadh bliadhain níos sinne ná mise. Chuaidh sé go dtí an driotháir eile, dubhairt seisean nach raibh fhios aige cá raibh sé, ach go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bháil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhruig Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30