Scoil: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (uimhir rolla 4062)
- Suíomh:
- Lios Tuathail, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
- XML Leathanach 356
- XML “Fothracha - Lios Uí Gharmhaic”
- XML “Fothracha - Caisleán Ghleann na Leapan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach gur ar a súile a bhí sé. Ach nuair bhíodar díreach ós cómhair an leasa amach d'fhéachadar isteach agus thugadar fé ndeara trí búird agus iad gléasta go h-áluinn - ceann aca leagtha i gcóir breacfasta, ceann i gcóir an dinnéir & ceann i gcóir an tsúipéir. Níor fhéadadar rud ar bith eile d'fheisgint. Tháinig scannradh ortha & ritheadar le'n a n-anama. Gach duine a bhí ag dul thar an áit an oidhche sin, b'éigin dó filleadh & bóthar eile a thabhairt air féin.
Siobhán Ní Connaill- paíste scoile )
Fuair sí an scéal ón a h-athair Micheál Ó Connaill - Tá fothrach sean-chaisleáin ann ar thalamh a bhaineann le muinntir Sandes. Gairid do Mágh Mheán atá Gleann na Leabhtan suidhte. Tá trí puill le feisgint ins na fallaí & deirtear go ndeintí leanbhaí leicthe do tharrac tré's na puill sin. Bhí poll spéisialta ann agus dá ndeintí leanbh mar sin do tharrach tríd leigheasfaí é láithreach & ní bhéadh aon chómhacht ag an sluagh sídhe ar feasta. Mairin de barra - paiste scoile, Doire, Liostuathail.
fuair sí an sceál ón a h-uncail Tomás De Barra 26.5.37- Bailitheoir
- Máirín de Barra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás de Barra
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann