Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cúpla mí ó bhaile.
Nuair a shroich an bus ceann cúrsa, labhair sé d'fhear a bhí aithne maith aige air sul a d'fhág sé an baile, acht d'imthigh an fear síos an sráid ag rith ar a mhíle dhíthcheall. Rith go leor daoine eile a bhí ann freisin agus fágadh leis féin é!
Do chonnaic sé na daoine ag dúnadh na ndoras agus gá gcur fé ghlas. Ba gearr nach raibh duine ná deoraidhe le feiceáil ar an mbaile acht é féin. D'fhéach sé n-a thimcheall agus ní raibh bocht ná nocht fágtha ar an sráid; chuaidh sé go teach a cháirde, acht comh luath is chonnaic an fear sin é ghlaoidh sé go h-árd ar dhaoinibh eile theacht chuige.
Ar deireadh thiar chuaidh daoine misneamhla chuige agus d'innis siad dhó go faithteach is go h-eaglach go gceapadar go raibh sé marbh. Bhí fios aige annsin an fáth a bhí faitchíos ortha go léir roimhe seo roimhe.
Cúpla lá in a dhiaidh sin thug sé a aghaidh ar a bhaile féin i gCladach Dubh, agus bhí áthas mór ar a cháirde féin, nuair bhí fios aca nach raibh sé marbh ar chor ar bith, agus chuir siad fearadh na fáilte roimhe. Chonnaic sé a uaigh san roilig freisin.
Seo an chaoi a bhí an botún déanta. Lá áirighthe timcheall an ama seo chonnaic sé socraid.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Íde Ní Thuarthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe