Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 303
- XML “Cloch Dhraíochta”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chodladh. Nuair dhúisigh sé ar maidin chuaidh sé go dtí an cladach; agus céard a chonnaic sé ann acht an chloch a chaith sé sa bhfairrge. Tá an cloch sin san áit céadna in aice an chladaigh go fóill.
- Nuair a cuireadh na péin-dlighthe i bhfeidhim i gcoinnibh na gCaitiliceach i rith na bliana 1697-1746, 'sé cuspóir a bhí aca na Gaedheil a bhí ina gCaitiliceach fágaint gan oideachas. Níor ceaduigheadh aon scoil Caitiliceach i nÉirinn agus dob éigean iad a fágaint oitir nó a chur go scoil Protastúnach. Do cuireadh scoileanna Protastúnacha ar bun ar fuaid na tíre go léir. Ins an am sin a bhí na scoileanna cois-chlaidhe ann. Do bhí scoileanna Protastúnacha ar bun timcheall na háite seo ar a tugtar scoileanna scairte ortha. Do bhí ceann aca i n-Imloch, ceann i mBaile Nua, ceann i nOileán Iomaidh, ceann i mBárr na hAille, ceann i mBaile Srutháin agus ceann eile fós i mBaile Can Ríog. Tá duine darbh ainm Micheál Ó Murchada agus a chlann ina gcomhnaidhe ins an ceann a bhí in Imloch; tá an cuid is mó de'n ceann a bhí i mBaile Nua ann go fóill agus tá daoine ag cur feabhas ar an ceann i mBárr na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Íde Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Clochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe