Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 306
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag na muinteóirí ins na scoileanna scairte ach do bhíodh ins na scoileanna eile. Do bhíodh droch-mheas ag na muinteóirí ins na sin ar an nGaedhilg agus ar cultúr na hÉireann. Ní raibh cead ag na páiste a bheith ag dul leo Gaedhilg a labhairt i scoil no sa bhaile agus do rinne siad a ndícheall chun í do chuit fe chois. Do bhí Gaedhilg ag na sean-daoine timcheall na h-áite agus do cuala na páiste é agus do laibhair siad í. Do chroc na múinteóirí píosa adhmaid ar téad fá mhuinéal na bpáiste. Nuair a theigeadh na páistí abhaile múna labhraidís Gaedilg bhaineadh a n-áthair nó a máthair píosa as an adhmaid gach uair a labhraidís í. Fuair siad orduigh ó na múinnteóirí é sin a dhéanamh. Nuair a théighidís ar scoil lá ar na bháireach d'fheicfeadh an muinteóir air agus bhíod fhios aige gach uair a labhair siad í agus ghéibhidís an t-slat air de réir na h-uaire do labhair siad é. Tugtar "tally" ar sin.Do bhíod leabhair ag na páisdibh i gcomhaidhe ins na scoileanna protastunacha ach ní bhiodh siad i gcomnaidhe ag na páisdibh ins na scoileanna eile. Do bíodh siad ag scríobadh freisin. Do bhíodh suideachain aca ins na scoileanna protastunacha ach do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Íde Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Clochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe