School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 183
  3. XML “Pisreoga a Chruinnigh Malraigh Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an phobail gan bratach a bheith ar a ceann mar tá bratach ar cheann na maighdine glórmhaire.
    11. Má leagtar duine cuireann siad im i na mbéal.
    12. Níl sé ceart breathnú sa scathán ort fhéin sa n-oidhche.
    13. Má buailtear de brobh tú tá sé ráidhte nach nach méadeochtha.
    14. Níl sé ceart cloch a chaitheamh le easóig.
    15. Má castar bean ruadh ort is ag dul chuig an aonach casadh tú abhaile aris.
    16. Ní cuirtear an luaith amach Lá Samhna.
    17. Má iontaigheann tú do chuid éadaigh amach ort agus gan fhios a'd é béidh an t-ádh ort an lá sin.
    18. Cuirtear crosóg le bainne ar an mbó nuair atá sí thar-éis í a bhleagháin.
    19. Má chloiseann tú an chuac agus t-aghaidh síos béidh tú caillte roimh bhliadhian.
    20. Nígheann siad a lámha sul a dtiocfadh siad abhaile ó shocruide.
    21. Tugann siad salann ag torramh leo.
    22. Má chaitheann tú cloch le easóig tá sé ráidhte go gcaithfe sí smugairle leat agus nach mbéidh tú beo faoi cheann bliadhna.
    23. Cuireann siad comhortha na croise leis an luithne ar an gcuinneóig nuair atá sí tar-éis maistre a dhéanamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Language
    Irish