Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “An Bhean a Chaith Bliain agus Lá in Ifreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Má thugann thusa aire do mo mháthair an fhad a bhéas sí beo gabhfa me fhéin ar an uaigh'.
    " Maise m'anam fhéin go dtiubhradh agus fáilte " adeir bean a tighe. D'imthigh léithe agus ní i bhfad a bhí sí ar siubhal gur casadh sagart di. D'fhiafruigh sé dhí cá rabh sí ag dul. D'innis sí dhó. Thug sé fáinne dhi agus dubhairt léi é choinneál, go mbeadh sé ag teastáil uaithe fós. Chuaidh sé féin i n-éindigh léi. Ghearr sé fáinne thart ar an áit a rabh an bhean 'na suidhe. D'imthigh an sagart leis. Bhí an bhean istigh sa bhfáinne agus ní rabh tada le feiceál aice. Dfhan sí annsin sgathamh eile ach is gearr go bhfaca sí rud eicín ag déanamh oirri. (chuichi?) Tháinic sé agus thosaigh sé ag cartadh na h-uaighe. Ba ghearr gur tharraing sé an corp aníos as. Thug sé leis é agus an bhean go dtáinic sé go hifreann. Badh bhé (sic) an deabhal a bhí ann. Chuir sé ag dóghadh na n-anamacha in ifreann í. Ní rabh sí ag ithe bidh ar bith ann. An biadh a thugaidís di chaitheadh sí síos i bpoll é. Nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghrillghais
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80