Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 244
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann fadó agus bhí sí féin agus a fear taobh amuigh sa sliabh.”
244
Eibhlín Ní hUlláin An Gort Mór (13)
A fuair an sgéal seo ó na máthair (53)
bean feiliméara í an bean seo. Bhí bean ann fadó agus bhí sí féin agus a fear taobh amuigh sa sliabh, Bhí bheirt ghasúir aca. Tháinic fear go dtí an teach lá amháin. Agus dubhairt sé le fear an tighe go bhfuil obair aige dhó. Dubhairt fear an tighe go dtioc-fad sé leis. Ach dubhairt fear an tighe leis nach rabh aige ach aon chapall amháin. Dubhairt fear an tighe go ngabhfadh sé leis mar sin fhéin. Dubhairt sé leis nach obair capall a bheith a bhí aige. D’imthigh an bheirt aca leó. Agus d’fhág siad slán aga bhean. Dubhairt fear an tighe le na bean nach dtiocfadh sé abhaile go satharn. D’imigh siad leo. Agus bhí an bhean ag obair ar fud an tighe go dtáinic an satharn. Tháinic an fear abhaile Dé Satharn agus chaith sé a chuid airgid ar an mbord ag an mnaoi agus chuaidh an bheirt aca ag coimhreamh an airgid. Dubhairt an fear le na mhnaoi go gcuirfeadh siad sa seomra é. Caith siad A saoghal go maith go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh. D’imthigh an fear leis an oidhche sin go dtí an obair. Dubhairt sé le na mhnaoi an teach a ghlanadh. D’imigh sé leis agus bhí sé cúpla lá imtighthe. Tháinic an bhean amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hUlláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe