Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 245
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus bhí sí féin agus a fear taobh amuigh sa sliabh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)245as an seomra. Chonnaic sí fear mór ag teacht chuig an teach. Rug sí ar an nguna. Chuaidh sí go dtí an doras. Bhí an bhean ag dul dhá chaitheamh leis an ngunna. Chuir an fear a lámha amach aice, agus dubhairt sé léithe gan é a chaitheamh, “Céard tá tú ag iarraidh” adeir sí. “Tá mé ag iarraidh píosa aráin má sé do thoil é”. Thug sí sin dhó agus d’imthigh sé leis. Nuair a bhí sé ag imtheacht chuaidh sé amach ag teach na gcearc. Nuair a bhí sí ag dul isteach sa teach rug rud eicínt ar chois uirthe. Chuaidh sí isteach sa teach agus shuidh sí ar an stól. Bhí an-phian sa gcois. Is gearr go ndeacha sí isteach sa seomra. Chonnaic sí an bheirt ghasúir agus iad in a gcodhladh. Bhí an bhean an tinn. Agus bhí an teach amuigh sa sliabh agus ní rabh aon teach gar dhó. Ní rabh fhios aice céard a dhéanfadh sí. Bhí sí ag dul ag fágháil bháis. Dubhairt sí le léithe féin go marbheóchadh sí an bheirt ghasúir ar dtús. Fuair sí an guna, Chonnaic sí an fear ag an Doras. “ Céard tá ort a bhean” a ndeir an fear léithe. “ Tá mé an tinn in áit a rug rud ar mo chois nuair a bhí mé ag dul isteach i dteach na gcearc”. Suidh síos ar an stól seo agus is gearr go mbéidh tú go maith”. Fuair sí iarrann te agus uisge. Nigh sé an chois agus leag sé an t-iarrann ar an gcois.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hUlláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe