Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 251
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tháinic an inghean isteach agus ní rabh aon uisge aice. Bhain an bhean an cloigeann dhi. Nuair nach rabh an dara h-inghean ag teacht dubhairt an tríomhadh inghean go n-imtheóchadh sí féin ar aimsir. Chuir an mháthair cáca beag agus caca mór síos: Thug an inghean an cáca beag léithe. D'imthigh sí léithe gur tháinic sí go dtí teach. Bhuail sí ar an doras. Tháinic bean amach chuice. "Tá mé ag iarraidh aimsire má sé do thoil é". Chuir an bhean an inghean amach ag iarraidh uisge le siothalán. Bhí crann os cionn an tobair agus chonnaic sí éan air. Dubhairt an t-éan léithe léithe [!] fear [!] a chur ar an siothalán agus an tuisge a thabhairt isteach. Chuir sí an féar air. Thug sí isteach an t-uisge. Dubhairt sí léithe port a chasadh agus nuair a bhí sin déanta aice bhí an bhean na codhladh. Chuaidh an ingean siar sa seomra agus thug sí an mála airgid léithe agus d'imthigh sí léithe gur tháinic sí go dtí teach a máthair. Ní rabh fhios ag an mnaoi céard a déanfadh sí. Shiubhail sí léithe gur tháinic sí go dtí teach ach ní rabh an inghean ann. Chuaidh sí abhaile annsin agus í go tinn mar gheall ar go rabh an mála ag an inghean. Chuaidh an inghean abhaile go teach a máthair agus bhí an áthas ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hUlláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe