Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 276
- XML “An Leasmháthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Leas-Mháthair
Bhí rí agus bainríoghan ann fadó, agus bhí inghean amháin aca. Ba gearr gur cailleadh an bain-ríoghan. Phós an rí arís. Bainríoghan eile a phós sé agus bhí inghean aice fhéin. Bean an mhí shlachtmhar a bhí innte fhéin agus a hinghean agus bhí gráin aice ar a leas inghin. Lá amháin i lár an gheimhridh d'orduigh sí don leas inghean a dhul amach agus ciseán sméara a thabhairt abhaile aice. Bhí fhios ag an leas mháthair go maith nach raibh aon sméara ar bith le fágháil an tam sin, ach shíl sí go gcaillfidhe inghean an ríogh leis an bhfuacht. Nuair a bhí an leas inghean ag imtheacht thug sí léithe píosa cháca a bhruith sí faoi'n luaith agus buidéal uisge le nól. Dimthigh sí léithe annsin. Ba gearr gur casadh isteach i dteach beag ar thaobh an chnuic í. Chuaidh sí síos chuig an teine agus thóig sí amach an droch lón a bhí aice. Ba gearr go dtáinic triúr fear beag isteach, agus thosuigheadar ag déanamh iongantais dhí. D'iarr siad píosa de'n arán agus deoch uisge uirri. "Is dona liom" adeir sí ach roinnfe mé libh é. Ghlacadar buidheachas léithe agus thugadar anuas arán geal aice agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fháthartha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Fhátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40