Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 596

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 596

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 596
  3. XML “An Saighdiúir Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sínte ar taobh an tsléibhe
    Seadh chonnaic mé crapaí bocht
    Bhí an drúcht go trom ar éadan
    Agus an piléar i na ucht.
    II
    Bhí sé i bhfad ó na cháirde
    Bhfad ó na thigh is na mnaoí
    Is é leis fhéin fághtha
    Ar an bhféar fuar fluich ina luighe
    III
    Ins an mbothán beag ar taobh sléibhe
    Bhí a bhean ag gol is ag caoí
    Ag caoineadh ar son a chéile
    Nach dtiocfa ar ais coidhche.
    IV
    A mháthair ná bí ag caoineadh
    Ná bí ag briseadh do chroidhe
    Ní fada go bhfille daide
    Luighe síos agus leig do sgíth
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Thnúthail
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Tnúthail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe