School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
![The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 165](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070%2FCBES_0070_165.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 165
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)í, agus go mbeadh siad saidhbhir dá bárr le bheadh sí a bhreith d'airgead dhóib. Shíleadar nuair a bheadh airgead ag teastáil uatha nach mbeadh ortha ach tosnú ag bualadh an chapaill le maidí, agus go bhfhuigheadh siad i ndothain airgid. Ach bhí fhios ag Seán nach bhfhuigheadh ná pinghinn, agus is beag a cheap na ceannuidhe go raibh Seán le beart a imirt orra.
Thugadar trí chéad phúnt do Seán agus d'imthigh Seán leis abhaile, agus é áthasach go leór, fá an gcleas a d'imir sé ar an mbeirt cheannuidhthe. Cheangluigheadar an capall annsin, agus d'fhágadar ar thaobh an bhóthair í. D'imthigh siad féin leó go dtí coill ag iarraidh maidí, le h-aghaifh an chapaill a bhualadh, go bhfuigheadh siad a raibh de leath-choróineacha a bhí taobh istigh innte in éinfheacht. Nuair a thainigeadar go dtí an áit a raibh an capall arís, thosnuigheadar ag bualadh agus ag bualadh and chapaill ag iarraidh leath-choróineacha a bhaint aisti dá buidheachas. Ach dá mbeadh siad léi ó shoin ní bhainfeadh siad aon leat-choróin aisti, agus san deireadh mharbhuigheadar an capall leis an méid a bhuaileadar uirthi. Tháinif an fhearg annsin orra, agus d'imthigheadh siad leó ar lorg Sheáin go marbhuigheadh siad é.
Bhí fhios ag Seán go maith go dtiocfidís, agus chuimnigh sé ar bheart eile.(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Máirtín Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe