Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 048
- XML “Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé thoir 's tá sé thiar is tá sé ingairdín i mBlá Clia[th,] ba mó a ghreim ná greim capaill agus ní bhlaisfeadh sé d'aon bhiadh.
Speal.Leigeadh géim is ní géim bó í, ní géim capaill, 's níl sé beó.
Leac-oighre a bheadh ag sgoilteadh.Cé'n taobh den chupán a bhfuil an lámh air?
Taobh amuigh.Fear anoir, fear aniar, fear innseacht mo sgéil agus fear gan croidhe gan fuil.
Litir.Braithlín bhuidhe ar thaobh an tighe, is deacair i sníomh ná í chárdá[il.]
Grian.Siúd sa gclúid é agus dhá chéad súil air.
Pota soup.Tá sé amuigh ort agus tá sé istigh ort agus ní trom leat é.
T-Ainm.Fear sa ngarrdha agus céad cóta air.
Gas gabáiste.Casadh mo mhama orm, bhí srón airgid uirthi agus méaracha iarainn, sí chuirfeadh an ruaig ar mo préacháin.
Gunna.