School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 067
  3. XML “Ainmneacha Garraithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Muilteach Stiophtháin, Stiophtháin Ó Gríobhtha a thóig an garrdha sin sa sean t-saoghal.
    An Sgainibh, Is garrdha cloch bheag é.
    Garrdha an Still House, bhíodh Paidín Breathnach ag déanamh fuisce ann
    An Greann Mór, gleann mór millteach doimhin atá ann
    An Corrdha Láir, Tá trí corrdha taobh le chéile agus ceann i lár

    Léana Ceardchan, Deirtear go raibh ceardchan ann fadó agus tá leac shleamhain ann. Nuair a bhíodh siad ag cur crúbh ar aon chapall cuirfeadh siad suas ar an leic í. Nuair a chrochfadh siad leath chos an chapaill ní leigfeadh an faithcíos don chapall corrughadh ar faitchíos go leagfaí í. Sin é an chaoi a gcoinnuigheadh siad na caiple

    An Gharrdha Nua, Tá sé ar cheann de na garrdhanta is fearr sa mbaile. Bhí sé ag fear fadó, agus níor chuir sé aon chlaidhe ariamh air. Níl sé i bhfad o cuirreadh claidhe air agus tugtar an Garrdha Nua air.
    Corrach an Teampuill, Tá fotrach de shean teampull le feiceál ann
    An Mhuing, Píósa talmhna réid é
    An Caorán Buidhe, Is cosamhail le luaithe atá faoi bhárr na talmhna
    Poll Atha na bhFiadhach. Gleann mór fairsing uaigneach é agus bíónn go leór girrfhiadhacha agus coiníní ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Collector
    Brighid Ní Cualáin
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe