Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dheargadh chaitfheadh sé nó sí é a a chur as sul dá dtéigheadh sé amach.

    Cuireann na daoine píosa chóta dearg i ruball na an sin.

    Dá nightheá do lámha sa drúcht Bealtaine bheadh réidhteach snátha agat.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Síad na trí chéád d'Aibreán iad. Bíonn an Márta ag iarraidh sean-ndaoine agus sean-bheithidhigh a chur chun báis. Bhí sean-bhó ann uair. Bhí sí an dona ar feadh an Mhárta. Níor chuir an Márta 'un báis í. Nuair a bhí sé caithte chroch sí a drioball agus thosuigh sí ag rith. D'iarr an Márta trí ar iasacht ar an Aibreán, agus chuir sé an tsean-bhó 'un báis. Bhí sé ghá cur 'un báis, ghá feamadh agus ghá cur.

    Scéal eile:
    An chéad baineadh cuid den fionnaidh di, an dara bhí sí níos measa ná sin agus an tríomaidh níor fágadh blas ar bith uirthi agus cailleadh í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Laethanta na Bó Riabhaí (~51)
    Teanga
    Gaeilge